Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
D’fhill sí chun an bhaile. Ba chniotáil an saothrú is mó a bhí ag na mná tí ina hóige. Gheobhadh siad £1.25 go £1.50 ar achan gheansaí. Dhéanfadh sí dhá gheansaí i gcoicís. Dhíolfaí iad leis na Campbells agus leis na Kennedys. Phioc na girseacha óga na patrúin ó na glúine (glúnta) rompu. | 00:03:27 | |
I ndiaidh do Bhríd pósadh, bhí sí ina h-úinéir ar oifig an phoist i mBéal an Átha Móir ar feadh blianta. | 00:03:50 | |
An dúil a bhí ag Bríd in Albain nuair a bhí sí ag obair in otharlann i nGlaschú ag tús na gcaogaidí. Bhí neart oibre ar fáil san am sin agus ní raibh sé deacair post a fháil. Bhí sí ag oibriú in otharlann meabhairghalair (mental hospital). Fuair sí £52 sa mhí sa phost sin. | 00:01:59 | |